
Community and people…
Scannáin Lugh Teoranta
Who are we ?
Scannáin Lugh Teoranta
Rugadh Loic Jourdain sa Fhrainc sa bhliain 1971. Tar éis dó blianta a caitheamh ag obair mar stiúrthóir-cúnta agus léiritheoir-cúnta i bPáras, thosaigh sé ag obair ar a scannáin féin sa bhliain 1997 leis an gcomhlacht iomráiteach MK2. Agus é ag obair ar a chéad gnéchlár fáiseise, shocraigh sé fanacht in Dún na nGall sa bhliain 2007 áit a bhunaíodh Lugh Films le Anne-Marie nic Ruaidhri.
Ó shin, tá scata gnéchláir faisnéise déanta aige a bhuil gradhaim agus moladh idirnásiúnta faighte acu ó na léirmheastóirí ; Tory Island, after the prophecy(2005), Man of the Isles(2006), A turning tide in the life of Man (2016) san áireamh.
Faoi láthair, tá roinnt mhaith sraitheanna agus gnéchláir idirnásiúnta á fhorbairt aige. I dteannta leis an gcló-scríobhneoir iomráitheach Barry Gifford tá sé ag obair ar Hidden World, fíor-scéal faoi Arthur Kingsley Porter, Ollamh ó Meiriceá fuadaithe in Éirinn beagnach céad bhliain ó shin. Le tacaíócht ó Screen Ireland tá gnéchláir eile á fhorbairt aige dar teideal, Sky’s the limit; scéal faoi clann a bhfuil leigheas á lorg acu dá mhac.
An fís is déanaí atá á scaoileadh ag Loic ná The Tribe of Gods, faoi scéal oileán Tóraigh agus saol Rí Patsy Dan mac Ruaidhrí.